0:00/???
  1. Mal Bhán

From the recording Amhráin Éasca - Easy Songs

In cart Not available Out of stock

Fair-haired Molly

Lyrics

Ar meisce cha dtéimse nios mó
Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé
Ó chail mé mo chailín beag óg
A chuireadh i m’ phócaí an t-airgead

Chorus:
Is fada liom uaim í uaim í
Is fada liom uaim í ó d'imigh sí
Is fada liom thíos agus thuas í
Molly na gCuach Ní Chuilleanáin.

Déanfaidh mé tigh ar an ard
Is beidh ceithre bó bána breac agam
Is ní ligfidh mé'n duine dá gcomhair
Ach Molly dheas bhán Ní Chuilleanáin
Chorus

Da mbeinnse i ndeacair an bháis
Is na daoine á rá nach dtiocfainn as
Ní dhéanfainn mo thiomna go bráth
Go dtiocfadh Moll Bhán Ní Chuilleanáin
Chorus

Bhí mise lá ar an choill
Is tharla dom soilse bhradóige
Dhéanfadh si marbhán beo
Nó buachaill deas óg den tseanduine
Chorus